Listen to Omeath Irish!


The recording with Brian Mac Cuarta was carried out in 1931, fortunately we have later recordings of Omeath Irish which are significantly clearer.

The following recording is Anna Uì Annluain of Omeath in conversation with Proinsias Ó Connluain of RTE.

BUA: Bhí[1] aimsear[2] mhaith acu, bhí siad a’ gabháil, gabháil thart bho[3] ‘n toigh[4] chuig toighe agus bhí siad a’ damhsadh agus ag cuideacht amuigh acu, bhí siad níos… bhí siad ceart go leor ins an aimsir sin, ‘air[5] a bhí mise óg…atá ionn, níl sin inniu nó ‘dhé[6]![7]

PÓC: Sea, tháinig athrú mór ar a’ tsaol ó shin.

BUA:Tháini’! tháinic! …tháinic go dearfa.
PÓC:sea, bhál, bhíodh damhsaí nó céilithe ins na tithe an t-am sin.

BUA:ó, bhí, agus bhí spóirse[9] amuigh agus bhí dul ceoil agus damhsadh agus bhí siad, bhí siad, daoine deas’ bhí iontu, bhí siad socair agus…
PÓC:hmm…agus bhí siad in ann a gcuid ceoil fhéin a dhéanamh?

BUA:Seadh, seadh, seadh…[thiocfadh leat ]
PÓC:bhí neart fidléirí ann?

BUA:seadh, Ó!, cha[10] rabh mórán…mórán sásann’[11] ionn ins an aimsear sin, mórán ceoltaí nó mórán damhsú nó an dadadh atá ‘thagairt[12] ‘nois[13]

PÓC:Bhíodh níos mó ann ná mar atá anois is dóigh? Bhí amhráin ag a lán daoine an t-am sin.

BUA:Bhí. …Amhrán amhrán le féin … a dhéanadh duine … thú fhéin
PÓC:Ó Sea, dhéanfá an ceol tú fhéin

BUA:Seadh, Seadh
PÓC:Well, anois, bhíodh nósanna airithe agaibh, cuirim i gcás oíche Shamhna anois cad é a dhéanadh sibh sa tsean am

BUA:Cha raibh muisinn cha raibh muid[14] mórán mórán cuideacht in oíche Shamhna, bhí sé iontach socair, má tá, bhí na daoine ‘gabháil thart bhí siad a’ goid, a’ goid cabáiste[15] agus bhí siad bri..briseadh …geataí agus, thug siad na geataí…an gheata seo agus dhéanadh siad míle nó dhá mhíle …….., thug siad [the] geata seo, d’fhág siad síos

PÓC:ag an tráigh

BUA:Seadh … sin a’ seort[16]

PÓC:rudaí mar sin

BUA: Seadh
[1] Mar gheall ar chaighdeán an taifeadáin, níl sé soiléir cé acu fuaim dhéliopach nó liopa-dhéadach í seo. Cé gur baineadh úsáid as an tsiombail liopa-dhéadach san athscríobh ar fad, tá an seans ann gur fuaim liopa-dhéadach a bhí á úsáid aici.
[2] An ghnáthfhoirm a bhí sa chanúint, an tuiseal tabharthach in áit an ainmnigh atá i gceist.
[3] Ba mhinic a baineadh úsáid as ‘bho’ in áit ‘ó’ nuair a bhí Gaeilge á labhairt in Oirthear Uladh, féach :Ó BAOILL, C., Contributions to a comparative study of Ulster Irish and Scottish Gaelic (Studies in Irish Language and Literature IV, Department of Celtic, Queen’s University, Belfast 1978). l. 243. agus STOCKMAN, G., Cruinneas Gramadaí agus Corrfhocal Eile (Lagan Press, Belfast 1996).l. 68-69.
[4] An gnáthfhocal a bhí sa chanúint agus ní raibh an fhocal ‘teach’ ar fáil i bhfoinse Oirialla ar bith dá bhfaca mé go dtí seo. Is ionann ‘toigh’ agus an tuiseal tabharthach a ghlac áit an ainmnigh. Féach fosta: Ó BAOILL (1978) l. 99 agus STOCKMAN (1996) l. 91. Baintear úsáid as ‘toigh’ in áit ‘teach’ i dtuaisceart Thír Chonaill go fóill.
[5] Bhí an focal seo coitianta in Oirthear Uladh, féach Ó BAOILL (1978) l. 226.
[6] Is giorrúchán é seo ar ‘indhé’ (inné).
[7] Ar ndóigh, níor labhair Bean Uí Annluain Gaeilge le fada an lá agus is dócha go bhfuil an struchtúr gramadaí seo lochtach. Is dócha go raibh a leithid coitianta agus an Ghaeilge ag saothrú a báis in Oirialla. Mar shampla, “tá sé sin breá léim trasna.” atá le fáil i scéal Uí Méith - WAGNER, H., Ó BAOILL C., Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects IV, (Royal Irish Academy Dublin 1969) l. 295.
[9] Féach McKENNA, M.,"A note on a feature of Omeath Irish", Celtica 15 (1983) 65-66.
[10] Is riachtanach a rá gur ceantar “cha” é seo agus is beag má bhí “ní” ar fáil ar chor ar bith ach san fhocal ‘níl’ amháin; fiú sa chás seo is cosúil gur giorrúchán é seo ar ‘chan fheil’ (i.e. ‘n’eil) seachas giorrúchán ar ‘ní fhuil’.
[11] Níl amhras ann gur gléasanna ceoil atá i gceist anseo. “device, instrument, apparatus” an ciall atá leis an fhocal ‘sás’ i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977).
[12] Níl ciall na habairte seo soiléir dom. Is féidir gur “…dadadh a’ tagairt ‘nois” atá i gceist. Seans ann chomh maith go mb’fhéidir gur “…atá ‘agair ‘nois” i gceist.
[13] Tá an fuaimniú seo cosúil leis an fhocal ‘nish’ i nGaeilge Mhanainn.
[14] Tá sé suntasach nár dhúirt an chainteoir ‘muinn’, an gnáthfhocal a bhí in Oirialla. Is dócha go raibh sí ag iarraidh Gaeilge ‘cheart’ a labhairt nó b’fhéidir ag bhfuil sí ag déanamh aithris ar an cheistitheoir .
[15] Is féidir go bhfuil an cainteoir ag déanamh aithris ar an cheistitheoir óir /Ègob«St «/ an fhuaimniú atá sa LASID p.5 pointe 250.
[16]An ghnáthfhoirm a bhí sa chanúint don fhocal “sórt”.

No comments:

Post a Comment

Main areas from which the collection draws material


View Gaeltacht Oirialla in a larger map